Share

An bhfuil cead agam dul go dtí na tithí cúirte le do thoil?

Posted on February 12, 2015

Generic Image - Inside Courtroom (Black & White)

Blag ar an easpa rochtain ar cheartas i gcomhair cainteoirí dúchais san chóras cúirte in Éireann

Is é an Cúnant Idirnáisiúnta ar Chearta Eacnamaíocha, Sóisialta agus Cultúrtha (CICESC) ná ionstraim cearta an duine idirnáisiúnta a dhéanann sainaithint ar chearta eacnamaíocha, sóisialta agus cultúrtha a bhfuil de dhualgas ar an Stát a chosaint. Shínigh agus dhaighnigh Éireann an Cúnant Idirnáisiúnta ar Chearta Eacnamaíocha, Sóisialta agus Cultúrtha (CICESC) i 1989.

( http://www.ourvoiceourrights.ie/about/*)

 

Cearta Teangain sa Dlí

Tagann cearta teangain taobh istigh de théarmaí tagartha Airteagail 15 den Cúnant Idirnáisiúnta ar Chearta Eacnamaíocha, Sóisialta agus Cultúrtha. Clúdaíonn Airteagal 15 cearta cultúrtha, agus de bharr an Airteagal sin caithfidh an Stát gach bheart a chur i bfheidhim chun an chultúr sin a chaomhnú, a fhorbairt agus a scaipeadh.(*)

B’iad na príomh moltaí maidir leis an Gaeilge a tháinig as an Tuairisc Comhuaineach a rinne na heagrachtaí den sochaí sibhialta ná mar seo a leanas;

  • Cinntigh go bhfuil cainteoirí Gaeilge in ann úsáid a bhaint as a chuid cearta bunreachtúil agus cearta reachtúil i dtaobh rochtain ar seirbhísí trí mheáin na Gaeilge
  • Déan machnamh ar Stráitéis Cultúrtha don Phobail agus é a glacadh
  • Cuir achmhainní leormhaith ar fail d’Oifig an Coimisinéar Teanga

Tagann ár gcearta bunreachtúil chuig rochtain ar seirbhísí trí mheáin ó Airteagal 8 den Bhunreacht na hÉireann 1937, ina leagtar síos Gaeilge mar an teanga náisiúnta agus an chéad teanga oifigiúla den Stát, ag glacadh leis an Béarla mar an tarna teanga oifigiúla. Is faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003 a fhaighimíd ár gcearta reachtúil i leith an Gaeilge. Tá an acht seo faoi bhráid i gcomhair leasú. De réir Alt 8 den Acht tá sé de cheart ag an bpobal an Ghaeilge a úsáid in aon chúirt nó in aon gnó leis na cúirteanna.

Giúiréithe Lán Gaelach

Ní féidir le duine ar bith a shéanadh gurb é rochtain ar cheartas ceann dosna cearta is bunúsaí atá againn i sochaí síbhialta. Ach de bharr cúiseanna stairiúil, polaitiúl agus cultúrtha tá dúshláin ullmhór ag cainteoir Gaeilge nuair a dhéanann siad iarracht úsáid a bhaint as an ceart seo ós chomhair na cúirte. Sin in ainneoin do chosaint dlíthiúil atá ag an Gaeilge, ar bhonn náisiúnta agus ar bhonn idirnáisiúnta.

I 2014 tháinig an cinneadh mórchúiseach amach ón Chúirt Uachtarach, ag leanúint an cinneadh Ard-Chúirt i 2010, sa chás Ó Maicín (Ó Maicín v Ireland, The Attorney General, The Minister for Justice Equality and Law Reform, His Honour Raymond Groarke and the Director of Public Prosecutions [2014] IESC 12).

Lean an Chúirt Uachtarach an cinneadh ón Ard-Chúirt, agus ní raibh muintir na Gaeilge róshásta ar chor ar bith.  An cheist a bhí le phlé sa chúirt ná an raibh ceart bunreachtúil ag an tUasal Ó Maicín chun triail a rith trí mheáin na Gaeilge gan cabhair aistritheoirí.

Tharla an ionsaí líomhnaithe sa Ghaeltacht Conamara agus b’iad Ó Maicín, an íospartach líomhnaithe agus an chuid is mó dosna finnéithe cainteoirí dúchais. Diúltaigh an chúirt chun an triail Gaeilge a thabhairt dó ar an bhunús nach mbeadh giúiré lán Gaelach ionadach don sochaí, ag leanúint an cinneadh i de Búrca (De Búrca v Attorney General [1976] I.R. 38, cás maidir leis an eisiamh de mná as giúiréithe). D’admhaigh an chúirt go raibh an ceart chun do chuid gnó oifigiúil leis an Stát a rith trí Ghaeilge ach nach raibh an ceart sin ina cheart iomlán.

Dúirt an Breitheamh Hardiman, ina bheithiúntas ag easaontú,  go raibh Éireann ina dlínse dhátheangach gan aon dabht de réir Airteagal 8 den Bhunreacht. Chuir an Breitheamh Hardiman ar aghaidh an moladh chun réigiún giúiré a dhéanamh as Conamara. Tá an moladh sin i líne leis an fianaise a thug an saineolaithe soch- teangeolaíochta, Dochtúir Colm Ó Giollagáin. Mar a deireann an seanfhocal, ní féidir an dubh a chur ina gheal, ach seal.

An Chás I Láthair na hUaire

Níos déanaí i 2014, rinne an Rialtas an cinneadh gan cumasc a dhéanamh idir Oifig an Choimisinéara Teanga agus Oifig an Ombusdman. Rinneadh an cinneadh sin de bharr brústocaireacht leanúnach de grúpaí ar nós Conradh na Gaeilge agus a leithéid.

De réir an Tuairisc is déanaí choimisiúnaithe ag an Chomhchoiste um Chomhshaol, Cultúr agus Gaeltacht ba cheart go mbeadh 10% de státseirbhísigh oilte sa Ghaeilge. Beidh an Tuairisc ag teacht amach i mí Feabhra.

D’fhógair an Seanadóir Labhrás Ó Murchú an Tuairisc ar Raidió na Gaeltachta ar an 27ú Eanáir. Is é an An Seanadóir Labhrás Ó Murchú Leas-Chathaoirleach an Chomhfhochoiste um an Straitéis 20-Bliain don Ghaeilge 2010 – 2030.

De réir an Phríomh-Oifig Staidrimh tá méadú 7% tagtha ar an méid cainteoirí Gaeilge idir 2006 agus 2011.

Tá sé de dhualgas ar an Stát an Gaeilge a cosaint faoina oibligéad CICESC i ngach orgán den Stát. Is ceann dosna orgán den Stát sin na an córas cúirte agus caithfidh an córas sin rochtain ar cheartas a chaomhnú i gcomhair gach cuid den sochaí. Cén céimeanna atá an Rialtas chun a thógaint maidir leis na moltaí san tuairisc Our Voice Our Rights agus na cinn atá thuas? Bhuel fan go bhfeicimíd.

* Tá sé le fail ar an suíomh idirlíon trí Béarla. Is mise a chum an aistriúcháin seo agus táim freagrach as aon butúin atá le fail san gramadach.

Posted in: cultural rightsirish languageaccess to justice